Dracula, EPUB eBook

Dracula EPUB

EPUB

  • Information

Description

'Go dtaga tu de do dheoin, go n-imi tu slan agus go bhfaga tu i do dhiaidh a bheag no a mhor dar thug tu leat de shonas.'

Foilsíodh Dracula i mBéarla a chéaduair i mí an Mheithimh 1897. Rinneadh comóradh céad bliain ar an ócáid sin i 1997 chomh maith le comóradh 150 bliain ar bhreith an údair, Bram Stoker, a rugadh ar an 8 Samhain, 1847, i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath. Chaith an t-údar a lán dua le scríobh Dracula agus dá chomhartha sin d'éirigh leis an leabhar ó thosach. Mar a dúirt Leslie Shepard, Cathaoirleach Chumann Bram Stoker: `Is léir ó nótaí garbha agus ó achoimre an scéil atá ar coimeád i Músaem agus Leabharlann Rosenbach, Philadelphia, go raibh Stoker ag obair ar Dracula ar feadh seacht mbliana.' B'fhiú an braon allais - agus an braon fola! Ba é Seán Ó Cuirrín, Déiseach, a rinne an t-aistriúchán Gaeilge agus d'fhoilsigh An Gúm é i 1933. Áirítear an saothar sin ar cheann de mhóraistriúcháin na Gaeilge. Ní hiontas gur díoladh gach uile chóip de agus gur deacair teacht air in aon chor anois.

Eagrán nua é seo den aistriúchán iomráiteach a rinne Seán Ó Cuirrín ar mhórshaothar uafáis Bram Stoker. Gach braon den bheocht a chuir fear Chluain Tarbh sa bhunscéal, d’aistrigh an Cuirríneach go snasta é sa chlasaic seo a foilsíodh den chéad uair in 1933.

Leagan nuachóirithe é seo atá bunaithe ar an eagrán a réitigh Maolmhaodhóg Ó Ruairc agus a d’fhoilsigh an Gúm in 1997.

Information

Other Formats

Save 24%

£3.89

£2.92

Information